Tine sa Chácóin

Tine sa Chácóin
 Paperback
Print on Demand | Lieferzeit: Print on Demand - Lieferbar innerhalb von 3-5 Werktagen I

19,50 €* Paperback

Alle Preise inkl. MwSt. | zzgl. Versand
Artikel-Nr:
9781782012245
Veröffentl:
2018
Einband:
Paperback
Erscheinungsdatum:
01.08.2018
Seiten:
200
Autor:
Panu Petteri Höglund
Gewicht:
259 g
Format:
216x140x12 mm
Sprache:
Irisch
Beschreibung:

Tír shuaimhneach shíochánta i dTuaisceart na hEorpa a bhí sa Chácóin tráth. Anois áfach tá sí ar coipeadh le seinea­fóibe is le sceimhlitheoireacht. Maraíodh fear ceannais na heite deise antoiscí, agus an chuma ar an scéal go bhfuil lucht a leanúna ag cromadh ar fheachtas sceimh­litheoireachta le díoltas a bhagairt ar an tsochaí go léir. Caithfidh Makar Turkan, bleachtaire, an dún­mharfóir a cheapadh sula rachaidh cúrsaí na tíre ó smacht go hiomlán.Tháinig an scéal seo i gcló an chéad uair ar an iris Ghael-Mheiriceánach An Gael i dtús na 2010idí, ach níor imigh a dhath dá thoipiciúlacht idir an dá linn.
Scéinséir é seo atá bord ar bhord le himeachtaí corracha ár linne. Scéal grá é freisin. Achainí phaiseanta atá ann ar son cairdis agus muintearais, in aghaidh gach cineál ciníochais. ---
Scríbhneoir Gaeilge agus aistritheoir gairmiúil ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund a chaith na blianta fada ag déanamh dianstaidéir ar scríbhinní Gaeilge na Gaeltachta idir litríocht agus bhéaloideas. Bhain sé amach céim sa léann Ghearmánach, Pholannach agus Rúiseach ó Åbo Akademi (Ollscoil Sualainnise na Fionlainne). Tá sé meáite ar lón léitheoireachta a sholáthar do lucht na Gaeilge a shásós na héilimh is airde amuigh. Tháinig cúig leabhar próis i gcló uaidh cheana féin, mar atá, Sciorrfhocail (2009 - úrscéilín agus scéalta), An Leabh­ar Nimhe (2012 - gearrscéalta uafáis in aithris ar H. P. Lovecraft), An Leabhar Craicinn (2013 - gearrscéalta earótacha) agus An tSlaivéin (2013 - úrscéal faoi Oirthear na hEorpa), agus An Fhondúir­eacht (2014 - leabhar ficsin eolaíochta le hIsaac Asimov).

Kunden Rezensionen

Zu diesem Artikel ist noch keine Rezension vorhanden.
Helfen sie anderen Besuchern und verfassen Sie selbst eine Rezension.